Eolas

In 2018, sheol an Roinn Oideachais Tionscadal de chuid Ciste Barr Feabhais Scoile darb ainm Céim Suas. Ba iad na spriocanna a aithníodh don tionscadal Céim Suas eispéiris agus torthaí foghlaimeoirí ar chaighdeán níos airde a bhaint amach trí ghnéithe den Chreat don tSraith Shóisearach a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí. Bhí tacaíocht le tabhairt do scoileanna an tionscadail chun cleachtais an-éifeachtach comhoibrithe agus machnaimh múinteoirí a fhorbairt, faoi threoir phróiseas agus chaighdeáin FMS (mar atá leagtha amach i gcreat cáilíochta na cigireachta Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016), agus ag an am céanna nuálaíocht scoláire-lárnach a fhorbairt maidir le gnéithe éagsúla den Chreat don tSraith Shóisearach (2015). Tugadh cuireadh do ghrúpaí múinteoirí tras-ábhair, arbh iad a n-ábhair na chéad trí cinn a ndearnadh athrú sonraíochta orthu, páirt a ghlacadh in Céim Suas, rud a d’fhág gur imir an méid a d’fhoghlaim siad tionchar ar chleachtas réimsí ábhair eile ina scoileanna.

Dearadh Céim Suas chun tacaíocht bhreise foghlaim ghairmiúil agus am inscoile a sholáthar do scoileanna an tionscadail chun aghaidh a thabhairt ar an bhfócas FMS seo. As an bpróiseas sin, d’eascair cás-staidéir éagsúla faoin gcur i ngníomh a bhain leis an tionscadal, le scaipeadh go poiblí. Bhí comhfhoireann de chomhairleoirí na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí (SSM) agus de chigirí iar-bhunscoile le cabhrú le scoileanna an tionscadail, trí idir laethanta seimineáir lasmuigh den scoil agus chuairteanna scoile, agus chuir comhordaitheoir ainmnithe an tionscadail Céim Suas (Comhairleoir SSM) tacaíocht leanúnach ar fáil. Cé gur oibrigh scoileanna an tionscadail Céim Suas ar bhonn aonair, i ngach seimineár a d'eagraigh SSM leagadh béim ar na buntáistí a bhaineann le comhoibriú piaraí agus piarfhoghlaim.



 

The Six-Step School Self-Evaluation Process

 

Schools considered how best to share their journey using this graphic as a guide