Tionscadal Céim Suas

Tionscadal de chuid Ciste Barr Feabhais Scoile

Aidhm an Tionscadail

Ba é aidhm uileghabhálach an Tionscadail Céim Suas tacú le scoileanna a rinne féinmheasúnú mar scoileanna a bhí cheana féin ag leibhéal éifeachtach maidir le forfheidhmiú an Chreata don tSraith Shóisearach (2015) agus réidh chun bogadh go leibhéal an-éifeachtach. Tugadh an t-am do na naoi scoil a bhí páirteach sa tionscadal machnamh a dhéanamh ar theagasc, foghlaim, measúnú agus tuairisciú i dtrí réimse ábhair agus a aithint conas a d'fhéadfaí cáilíocht an tsoláthair agus an chur i bhfeidhm, do na hábhair shonracha sin agus don Chreat don tSraith Shóisearach ina iomláine, a ardú go dtí an leibhéal is airde.

Cur chuige Féinmheastóireacht Scoile

Bhí ar scoileanna a bhí páirteach sa tionscadal cur chuige féinmheastóireacht scoile a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm reatha ar an gCreat i gceann amháin nó níos mó de thrí réimse ábhair: Béarla, Staidéar Gnó agus Eolaíocht. Spreagadh scoileanna chun réimsí feabhsúcháin a aithint agus tugadh tacaíocht dóibh chun gníomhartha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm as a dtiocfadh feabhas ar na réimsí a roghnaigh siad.


 

Forléargas ar an Tionscadal

Tugann an Príomhchigire Cúnta Declan Cahalane forléargas gairid ar an tionscadal.

Podchraoladh

03:00 | Tnútháin don tionscadal
06:00 | Fócas a aithint agus fianaise a bhailiú
14:25 | Dea-thionchar an tionscadail (Múinteoirí/Ceannairí)
18:35 | Dea-thionchar an tionscadail (Scoláirí)
23:50 | Machnamh agus príomhfhoghlaim

‘Chonaic siad an mórphictiúr’

“Thosaigh na múinteoirí i ndáiríre ar thuiscint a fháil ar an mbunús atá le hathchóiriú ar an tSraith Shóisearach trí chomhoibriú thar ábhair. D’fhéach siad ar athchóiríú sa tSraith Shóisearach mar níos mó ná athrú i modhanna teagaisc agus athrú sa chur chuige i dtaca leis an measúnú, ach é a bheith ag baint le scileanna srl. Chonaic siad mar a shníomhtar gach rud le chéile agus mar a nasctar FMS le hathchóiriú sa tSraith Shóisearach a nasctar le tionscnaimh litearthachta agus uimhearthachta. Chonaic siad an mórphictiúr”

— Comhairleoir de chuid Na hEalaíona sa tSraith Shóisearach

 

Fócas a Aithint

Múinteoirí agus ceannairí scoile I mbun plé ar an gcaoi inar aithin siad fócas dá dtionscadal Céim Suas.

 

Tionchar an Tionscadail

 

Múinteoirí agus Ceannairí Scoile i mbun plé ar thionchar an tionscadail ar theagasc agus ar fhoghlaim ina gcomhthéacs féin.

Scoláirí a roinneann agus a phléann a gcuid smaointe ar an tionscadal agus an tionchar dearfach a bhí aige ar a gcuid foghlama.