Scéalta na Scoileanna

Ghlac naoi scoil páirt sa Tionscadal Céim Suas. Tá sé tábhachtach ómós a thabhairt don tiomantas atá léirithe ag foirne tionscadail na scoile chun a gcuid gníomhaíochtaí Céim Suas agus a dtuairiscí scríofa a chur i gcrích chomh maith agus ab fhéidir leo, in ainneoin na ndúshlán agus na hoibre breise a chruthaigh Covid 19 i scoileanna. Tugann na cás-staidéir ó na naoi scoil fianaise shaibhir, a bhaineann go sonrach leis an scoil, ar an gcaoi ar fheabhsaigh siad cleachtas sna réimsí teagaisc agus foghlama a roghnaigh siad, ag baint úsáid as an bpróiseas FMS. Is cuntas tuairisciúil, anailíseach é gach cás-staidéar Céim Suas ar an méid a tharla i scoil amháin, ag obair laistigh dá comhthéacs agus dá cúinsí uathúla féin. Níl na tuairiscí saintreorach ar an méid ar cheart dó tarlú i ngach scoil.

 

Anseo thíos gheobhaidh tú tuarascáil chuimsitheach ilchodach an tionscadail agus tuairisc gach scoile aonair. Cliceáil ar an íomhá chun an tuarascáil a íoslódáil.

 

Tionscadal Céim Suas - Tuarascáil Ilchodach

Is é cuspóir na tuarascála seo aidhmeanna agus próisis Céim Suas a mhíniú agus a thionchair trasna na naoi scoil a aithint; déantar cur síos sna cás-staidéir ar na tionchair ar leith a baineadh amach sna scoileanna aonair. Scríofa ag ball d'fhoireann chigirí Chéim Suas, déantar machnamh sa tuarascáil seo ar phróiseas, gníomhaíochtaí agus ábharthacht Chéim Suas do chóras oideachais na hÉireann amach anseo. Cuireann sé léargais ar fáil do réimse leathan léitheoirí éagsúla.

 Tuarascálacha Scoile

Coláiste Pobail Bhuiríos Uí Chéin, Tiobraid Árann

Teanga an mheasúnaithe a shoiléiriú chun cabhrú le scoláirí páirt níos fiúntaí a ghlacadh ina gcuid foghlama, trí cheithre phríomhchleachtas measúnú foirmitheach a dhaingniú i measc múinteoirí agus scoláirí: intinní foghlama, comhchruthú critéir ratha, aiseolas foirmitheach éifeachtach, agus cleachtais mhachnamhacha.

www.borrisokanecc.ie

 
 

Coláiste Chaladh an Treoigh, Luimneach

Múinteoirí a thabhairt le chéile in ábhair ina bhfuil an inbhuanaitheacht neadaithe i dtorthaí foghlama na sonraíochtaí sa tSraith Shóisearach, chun eispéireas foghlama idirdhisciplíneach a fhorbairt do scoláirí, ag baint úsáid as modheolaíochtaí measúnaithe gníomhacha, dúshlánacha, foirmitheacha.

www.castletroycollege.ie

Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15

Cabhrú le forbairt scileanna éisteachta, smaointeoireachta criticiúla agus labhartha na scoláirí trí theagasc follasach scileanna agus níos mó deiseanna a chruthú do scoláirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí fiúntacha, comhoibríocha labhartha agus éisteachta sa rang.

www.castleknockcc.ie

 
 

Coláiste Muire, Inis

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumais mhachnamhacha agus ar straitéisí oideolaíocha múinteoirí chun cur ar chumas scoláirí ról níos machnamhaí agus níos gníomhaí a ghlacadh ina gcuid foghlama, as a dtiocfaidh eispéiris foghlama níos tarraingtí agus torthaí níos airde do scoláirí.

www.colaistemuire.ie

Coláiste Naomh Bricin , Béal Tairbirt

Bliain 1: Feabhas a chur ar chumas na scoláirí ceisteanna a chur, a chruthú agus a fhorbairt

Bliain 2: Cleachtas seasmhach a bhunú i measc múinteoirí maidir le critéir ratha a úsáid chun a thaispeáint do scoláirí cad é a bhí á lorg ag múinteoirí i measúnú na hoibre, múinteoirí a threorú chun comhleanúnachas a chinntiú idir a gcritéir ratha agus an t-aiseolas a bhí á sholáthar acu, agus aiseolas níos saibhre a sholáthar do scoláirí maidir le píosaí suimitheacha oibre.

www.stbricinscollege.ie

 
 

Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir

Réimse níos leithne de chuir chuige idirghníomhacha aiseolais sa seomra ranga a fhorbairt ó scoláirí go múinteoirí, chun níos mó deiseanna a thabhairt do scoláirí a bheith rannpháirteach go gníomhach ina gcuid foghlama, a dtuairimí a chur in iúl, agus níos mó freagrachta a ghlacadh as a gcuid foghlama.

www.stcolumbascollege.ie

Pobalscoil Naomh Colmcille, Baile Átha Cliath 16

Eispéiris foghlama níos dúshlánaí a chruthú trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar chleachtas an cheistiúcháin éifeachtaigh sa scoil.

www.stcolmcilles.ie

 
 

Meánscoil Naomh Louis, Dún Dealgan

Úsáid teicneolaíocht dhigiteach an scoláire agus an mhúinteora a neartú, mar ghné atá comónta i ngach ceann d’ocht bpríomhscil na sraithe sóisearaí.

www.stlouisdundalk.ie

Coláiste Stratford, Baile Átha Cliath 6

Múinteoirí a bheith ag obair trasna disciplíní ábhair chun réimse níos leithne modheolaíochtaí fiosraithe agus comhoibríocha a fhorbairt agus chun cleachtais a chomhaontú maidir le múineadh príomhscileanna, chun cabhrú le scoláirí dul i ngleic le measúnuithe rangbhunaithe.

www.stratfordcollege.ie